Tá Féile Náisiúnta na Féile Pádraig ar ais!

Beo ar shráideanna Bhaile Átha Cliath. Go fíorúil ar scáileáin fud fad an Domhain.

St. Patrick’s Festival 2022 
Ceiliúradh Domhanda ar Ealaíona, Cultúr agus Oidhreacht na hÉireann
16-20 Márta, 2022
#spf22 # #stpatricksfestival

Beidh Paráid Mhórthaibhseach Náisiúnta na Féile Pádraig ag filleadh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar an Déardaoin 17 Márta, an ceann is mó agus is uaillmhianaí riamh ó thaobh scála, cruthaitheachta agus rannpháirtithe de!

Agus den chéad uair riamh An Ceathrú Féile ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin Féile uirbeach draíochta ó lá go hoíche do chách, i gcroílár Bhaile Átha Cliath.

An 16 Márta go dtí an 20ú, 2022

I measc na n-ealaíontóirí, na dtaibheoirí, na bhfuirseoirí agus na gclubanna a fógraíodh tá

Lyra, Damien Dempsey, Soulé, Le Boom with Glasshouse Orchestra and Æ MAK, Malaki, Thumper, Bobbi Arlo, Nealo, Celaviedmai, Sim Simma Soundsystem, 1000 Beasts with DeCarteret & Khakikid, The X-Collective, Selló, Cooks But We're Chefs, The Bonnymen, Jiggy, Shandrum Céilí Band, Neil Delamare, Grace Mulvey, Fred Cooke, Emma Doran, Dublin Comedy Improv, Danny O’Brien, Kevin McGahern, MOTHER, Sing Along Social, Paradise Cabaret, Féile na Gealaí, Adam Mohamed, Donal Dineen and many more.

Inniu, Dé Luain, 7 Feabhra 2022, nochtfar an clár d’Fhéile Náisiúnta na Féile Pádraig, Baile Átha Cliath, Éire, ó 16 Márta go dtí an 20ú, 2022. Is é CONNECTIONS/NAISC téama cheiliúradh domhanda na bliana seo ar ealaíona, cultúr agus oidhreacht na hÉireann, agus cuireadh á thabhairt ag an bhFéile d’Éirinn agus don domhan nascadh arís i mBaile Átha Cliath tar éis na ndúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh le blianta beaga anuas. Ceiliúradh cinniúnach a bheidh i bhFéile na Féile Pádraig 2022, an scála agus an uaillmhian is mó go dtí seo, tráth don náisiún agus do na hÉireannaigh ar fud an domhain chun nascadh agus machnamh, ceiliúradh agus fáilte a chur roimh chách.

Trí ealaíona, cultúr agus oidhreacht chomhaimseartha agus thraidisiúnta na hÉireann, nascfaidh an Fhéile teaghlaigh, cairde agus pobail ar fud na hÉireann, agus ár dtreibh dhomhanda de 80 milliún duine. Filleann Paráid íocónach Lá Fhéile Pádraig ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar an 17 Márta, le níos mó daoine, níos mó bannaí máirseála agus níos mó rannpháirtithe ná riamh! Agus den chéad uair riamh do 2022 tá Ceathrú Féile ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, ag a mbeidh Féile uirbeach dhraíochtúil ó lá go hoíche ann do chách, ón 16ú Márta go dtí an 20ú lá ar thailte cheann de na suíomhanna oidhreachta is iontaí agus is stairiúla in Éirinn, i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Beidh Sráidbhaile Bia & Deartha na hÉireann, taispeántas laethúil de tháirgí, ealaíona agus ceardaíocht na hÉireann, mar aon le spás do chách le scíth a ligean agus le nascadh le chéile. 

Beidh an ócáid folláine Breathe, á chur i láthair ag Happenings agus Féile na Féile Pádraig, ar siúl ar thailte Dhlí-Chumann na hÉireann i mBaile Átha Cliath 7 ar an 18ú agus 19 Márta, agus fillfidh Aonach Siamsaíochta na Cathrach ar Ché Theach an Chustaim ón 17 Márta go dtí an 20ú Márta. Cuirfidh SPF TV, stáisiún fíorúil teilifíse na Féile ag stpatricksfestival.ie, suíocháin thosaigh as líne ar fáil chun léirithe beo agus cláir thaifeadta ón 16 Márta go dtí an 20ú dóibh siúd nach féidir leo freastal go pearsanta. Chomh maith leis sin, beidh go leor imeachtaí beo agus oícheanta club ar fud Bhaile Átha Cliath ag Féile na Féile Pádraig, agus fógrófar iad go léir go luath. Cuirfidh tairseach nua ar shuíomh gréasáin na Féile fáilte roimh aighneachtaí ó Bhaile Átha Cliath, ó Éirinn agus ón Domhan, rud a fhágfaidh go mbeidh béim lárnach domhanda ar stpatricksfestival.ie do gach duine ar mian leo saoire náisiúnta na hÉireann a cheiliúradh.

Is féidir Féile na Féile Pádraig a chur ar fáil trí thacaíocht leanúnach ó Rialtas na hÉireann, ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Fáilte Ireland, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus go leor comhpháirtithe agus maoinitheoirí flaithiúla eile. 

Tá Clár na Féile ar fáil anois ag stpatricksfestival.ie agus leanfar de bheith á nuashonrú de réir mar a fhógrófar tuilleadh imeachtaí agus a scaoilfear ticéid do líon beag imeachtaí íoctha. Más maith leat an nuacht a fháil ar dtús, bí ar liosta seachadta na Féile ar an suíomh gréasáin agus lean St. Patrick’s Festival ar gach cainéal meán sóisialta.