Image by Julien Behal Photography

Beirt de na réaltaí spóirt is mó le rá in Éirinn Ellen Keane & Kellie Harrington fógartha mar Chinn Feadhna ag Paráid na Féile Pádraig 2022!


Is iad réaltaí ó Chluichí Parailimpeacha agus Oilimpeacha Thóiceo 2020, agus beirt de na lúthchleasaithe is spreagúla in Éirinn, atá roghnaithe mar Chinn Feadhna ar Pharáid Náisiúnta na Féile Pádraig i mbliana. Beidh na cairde Ellen Keane agus Kellie Harrington le chéile i dtosach na Paráide náisiúnta i mBaile Átha Cliath Déardaoin 17 Márta. Léiríonn éachtaí Ellen agus Katie a bhfuil go maith in Éirinn – láidreacht, buanseasmhacht agus flaithiúlacht spioraid. Seasann siad do gach duine atá bródúil as Éirinn, ardaíonn siad croí an phobail, rud a thugann muid le chéile mar náisiún. Léiríonn Ellen agus Kellie níos mó ná éachtaí spóirt, seasann siad dár bpobal go léir a thugann bród d’Éirinn as a bheith chomh cumasach agus chomh tiomanta don fheabhas – lúthchleasaithe, ealaíontóirí, déantóirí, cruthaitheoirí, smaointeoirí, físithe, nuálaithe, fiontraithe agus go leor eile, as gach cúlra.

Ellen Keane:Tá mé ag súil go mór le bheith i mo Cheann Feadhna taobh le Kellie do Pharáid na Féile Pádraig i mbliana. Nuair a bhí mé óg agus ag féachaint ar an bparáid i mBaile Átha Cliath, bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith ar cheann de na páistí a bhí páirteach agus anois tá mé ar bís le brionglóid m’óige a fhíorú!  Is mór an onóir dom agus tá mé an-bhuíoch as an deis seo agus tá a fhios agam go gcuimhneoidh mé ar an lá seo an chuid eile de mo shaol.”

Kellie Harrington:Aon duine a bhfuil aithne acu orm, tuigeann siad an oiread grá is atá agam don chathair seo, mar sin tá sceitimíní orm faoi bheith ag tabhairt na draíochta trí shráideanna Bhaile Átha Cliath agus faoi na haghaidheanna gealgháireacha sin go léir a fheiceáil, agus iad ag baint an-spraoi as an lá!”

Catherine Martin T.D, An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: “ Is é téama na Féile Pádraig i mbliana “Ceangail” agus anois, agus an bheirt lúthchleasaithe idirnáisiúnta spreagúla seo fógartha mar Chinn Feadhna don pharáid, tá ceangal spóirt ag an bhFéile – chomh maith leis na ceangail agus sineirgí reatha a bhaineann le healaín, cultúr agus turasóireacht – gnéithe go léir den sainchúram Aire atá agamsa. Agus a gcuid rath Oilimpeach agus Parailimpeach mar fhianaise, níl aon duine ar domhan níos fearr ina réimse féin ná na Baile Átha Cliathaigh Kellie agus Ellen. Sin an fáth a bhfuil sé chomh oiriúnach go mbeidh siad i dtosach pharáid na Féile Pádraig i mbliana, áit a mbeidh mórthaibhseacht den chéad scoth agus clár plódaithe le himeachtaí agus eispéiris eile na Féile chun ár lá náisiúnta a cheiliúradh. Inniu, in éineacht lenár gCinn Feadhna, tugaim cuireadh do lucht féachana áitiúil, náisiúnta agus domhanda chun ceangal a dhéanamh linn, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus sibh féin a chur sa cheiliúradh ilghnéitheach seo ar ár n-oidhreacht bhródúil, ár gcultúr agus ár gcruthaitheacht. Tá fáilte romhaibh go léir – beirigí bua!”

Beidh an Pharáid náisiúnta ar ais ar shráideanna Chathair Bhaile Átha Cliath ó mheán lae Déardaoin 17 Márta, ó Chearnóg Parnell go Faiche Stiabhna, lúcháir agus gliondar á scaipeadh ar an mbealach. Dóibh siúd nach féidir leo bheith i láthair, craolfar an Pharáid beo ar RTÉ One agus ar fud an domhain ar líne ar an RTÉ Player. 

Gealltar go mbeidh Paráid 2022 ina leagan is uaillmhianaí go dtí seo, agus cuma nua iontach uirthi do na milliúin de lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain. Fís úr, uaillmhianach, mhisniúil do dhéantóirí agus lucht féachana araon, ina mbeidh rannpháirtithe glóir-réime nua agus tograí cruthaitheacha atá níos mó. Beidh rannpháirtíocht ón lucht féachana, gnéithe nua iontacha ealaíne, agus neart bannaí máirseála den chéad scoth i láthair. Ceiliúradh domhanda mórthaibhseach ar ealaíona, cultúr agus oidhreacht na hÉireann a bheidh i bParáid na Féile Pádraig, agus tugtar cuireadh d’Éirinn agus don domhan ceangal a dhéanamh arís i mBaile Átha Cliath tar éis na ndúshlán ollmhór a bhí romhainn le blianta beaga anuas.

Buaiteoir boinn óir Pharailimpigh atá in Ellen Keane agus tá sí aitheanta ar fud na tíre as a gaisce sa linn snámha agus le déanaí ar an urlár rince in Dancing with the Stars Ireland. Is ionadaí bródúil í Ellen do dhaoine faoi mhíchumas, agus nuair nach raibh ach aois 13 slánaithe aici bhí clú agus cáil bainte amach aici agus í an Lúthchleasaí Parailimpeach Éireannach ab óige riamh san iomaíocht ag Cluichí Oilimpeacha i mBéising. Bhuaigh sí a céad bhonn Parailimpeach ag na Cluichí in 2016, bonn cré-umha a bhí ann, sular bhain sí an bonn óir ag Cluichí Thóiceo 2020.

Ní hamháin gur Baile Átha Cliathach agus Éireannach bródúil í an dornálaí Kellie Harrington, ach is inspioráid í dúinn go léir mar lúthchleasaí a bhain bonn ór sna Cluichí Oilimpeacha. Is ceannródaí í ina spórt, a bhfuil clú agus cáil uirthi mar dhuine a thacaíonn go mór lena pobal féin agus le cumainn áitiúla dornálaíochta in Éirinn. D’éirigh léi croí na tíre iomláine a ardú nuair a fuair sí an bua spreagúil ag Tóiceo 2020 agus nuair a d’iompair sí bratach na hÉireann go bródúil ag searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha.

 Rud úrnua do himeachtaí ceiliúrtha is ea é an Ceathrú Féile ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin ina mbeidh Féile uirbeach aoibhinn lá-go-hoíche do chách, ó 16 go 20 Márta ar thailte de cheann de na láithreáin oidhreachta is iontaí agus is stairiúla in Éirinn, i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Beidh Sráidbhaile Bhia agus Cheirdeanna na hÉireann le fáil sa Cheathrú Féile freisin, seóthaispeántas laethúil de tháirgí, ealaíona agus ceirdeanna iontacha na hÉireann agus spás inar féidir le gach duine scíth a ligean agus bualadh le chéile.