Féile Phádraig 2021

12-17 Márta 2021

#SPF2021 #SPF TV #féilephádraig

Féile Phádraig agus Teilifís an Oireachtais: comhpháirtíocht stairiúil fógartha a thabharfaidh eispéireas na Féile sé lá chuig níos mó ná 1.1 milliún teach ar fud na hÉireann an Márta seo!

Tá Féile Phádraig ar ais chun Éire a dhúiseacht ó 12 go dtí 17 Márta, tráth a dhéanfar ceiliúradh ar ár ndaoine iontacha, ár n-oileán álainn agus ár gceangail phobail, ar dhaoine óga, ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus déantóirí na hÉireann agus ar ár ndiaspóra ar fud an domhain; agus tá gach cuma ar an scéal gur ceiliúradh dearfach spreagúil a bheidh ann.

Déanfar os cionn 100 imeacht a chraoladh ar fud an domhain ar 6 lá agus 6 oíche ar Theilifís Fhéile Pádraig (SPF TV), sainchainéal teilifíse na Féile, ar stpatricksfestival.ie agus beidh siad á sruthú san am céanna ar rté.ie/culture.

Inniu, Dé hAoine, an 26 Feabhra, tá an Fhéile ag fógairt comhpháirtíocht stairiúil le Teilifís an Oireachtais, an cainéal ar a gcraoltar gnó Thithe an Oireachtais ar theilifís trastíre in Éirinn. Craolfaidh Teilifís an Oireachtais an chuid is mó d’imeachtaí Fhéile Pádraig do bhreis agus 1.1. milliún teach ar fud na hÉireann ó 12 go dtí 17 Márta. Is féidir teacht ar Theilifís an Oireachtais ar gach ardán soláthróra teilifíse in Éirinn: Saorview, Cainéal 22; Virgin Media, Cainéal 207; Sky, Cainéal 517; eir Vision, Cainéal 504; agus Vodafone, Cainéil 201, 207 agus 208.

Ag labhairt dó faoin scéal, dúirt an Ceann Comhairle agus Cathaoirleach Choimisiún Thithe an Oireachtais, Seán Ó Fearghaíl TD: “Thar ceann Thithe an Oireachtais, tá ríméad orm go bhfuilimid in ann tacaíocht a thabhairt d’Fhéile Phádraig agus rochtain ar ardán Theilifís an Oireachtais a chur ar fáil ar an mbealach nuálach seo. Bhí agus bíonn ról ollmhór i gcónaí ag an gceol, ag an ealaín agus ag an scéalaíocht i saol mhuintir na hÉireann; is tríothu a dhéanaimid ceiliúradh in am an ratha agus is iad a thugann ardú meanman dúinn in am an éadóchais. Tá deis againn ar Lá Fhéile Pádraig scoth ár n-oidhreachta agus ár gcultúir uathúil a cheiliúradh. Cé nach féidir linn a bheith in éineacht lena chéile go fisiciúil chun sin a dhéanamh i mbliana, is ábhar misnigh dúinn gur féidir linn, nuair a thugaimid ár n-acmhainní poiblí agus ár gcuid cruthaitheachta le chéile, sárcheiliúradh a sholáthar anseo agus thar sáile.”

Anuas air sin, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Caitríona Ní Mháirtín: “Tá lúcháir orm go ndéanfar an fhéile iontach seo a chraoladh ar chainéal teilifíse anois, go háirithe do dhaoine agus do phobail ar teoranta an rochtain atá acu ar áiseanna ar line. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Tithe an Oireachtais agus leis an gCeann Comhairle as breithniú a dhéanamh ar m’iarraidh scríofa, mar thacaíocht leis an iarraidh ó Fhéile Phádraig, chun na sé lá d’imeachtaí a chraoladh do theaghlaigh ó cheann ceann na tíre.” Lean sí uirthi mar a leanas: “Soláthraíonn sainchainéal an Oireachtais seirbhís iontach do phobail cheana féin. Tá fáilte roimh aon ní is féidir linn a dhéanamh faoi láthair chun daoine a tharraingt le chéile. Agus anois beidh fáil ag gach duine sa tír ar an tsiamsaíocht ealaíonta, ar an mórthaibhseacht, ar an gceol agus ar na léirithe éagsúla a chraolfar ar na sé lá d’Fhéile Phádraig 2021.”

Dúirt Aileen Galvin, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide Fhéile Pádraig: “Táimid ar bís gur aontaigh Teilifís an Oireachtais Féile Phádraig a chraoladh do bhreis agus 1.1 milliún teach ar fud na hÉireann. Is i mo theaghlach féin a thosaigh an comhrá seo, nuair a d’fhiafraigh mo mháthair díom ‘cén áit a mbeidh mé in ann na himeachtaí sin go léir de chuid Fhéile Pádraig a fheiceáil?’. Spreag sin ceist rochtana, go háirithe do dhaoine scothaosta, daoine leochaileacha, teaghlaigh agus pobail nach bhfuil leathanbhanda acu agus iad siúd nach bhfuil ceangal digiteach acu. Tá mé an-bhuíoch as tacaíocht agus flaithiúlacht Choimisiún Thithe an Oireachtais agus fhoireann Theilifís an Oireachtais chun an chomhpháirtíocht stairiúil seo a chumasú, rud a chinntíonn gur féidir leis an náisiún go léir an Fhéile náisiúnta a fheiceáil agus taitneamh a bhaint aisti.” Lean sí uirthi mar a leanas: ”Tá an dúrud imeachtaí pleanáilte againn, idir imeachtaí ceoil agus amharclannaíochta, léirithe, imeachtaí grinn agus filíochta agus imeachtaí bia, staire, oidhreachta agus folláine agus go leor eile. Is mian linn áthas agus dóchas a thabhairt dár muintir go léir tríd an gceol, trí na hamhráin agus tríd an scéalaíocht – is léaró dóchais iad na healaíona dúinn go léir ar na saolta dúshlánacha seo. Léireoimid Éire na linne seo, fírinne ár dtíre féin, ár gcultúr comhaimseartha bríomhar agus ár dtraidisiúin ársa uaisle, agus tabharfaimid ár ndaoine go léir le chéile, is cuma cén áit ar domhan a bhfuil siad. Bheimis buíoch anois de dhaoine as an scéal a scaipeadh agus as a rá lena dteaghlaigh agus lena gcairde, go háirithe leo siúd atá scoite amach nó nach bhfuil ceangal digiteach acu, gur féidir leo a bheith ag súil le sé lá agus sé oíche d’imeachtaí ó 12 Márta go dtí 17 Márta, gan a dtolg féin nó urlár rince a gcistine a fhágáil!”