Tá Féile Pádraig Náisiúnta ar siúl ó 12-17 Márta. Dúisigh Éire! Awaken Ireland! is ea téama na Féile. Gairm chun gnímh í d’ár muintir ar fud an domhain dorchadas na míonna fada a chaitheamh díobh agus croí isteach a dhéanamh leis na laethanta geala atá romhainn.

Geallann Dúisigh Éire! Awaken Ireland! go ndéanfar ceiliúradh dearfach agus spreagúil ar ár muintir iontach, ar ár n-oileán álainn agus ar ár gceangail phobail, ar ár ndaoine óga, ar ealaíontóirí, ar chruthaitheoirí agus ar dhéantóirí na hÉireann agus ar ár ndiaspóra ar fud an domhain. I mbliana, déanfar os cionn 100 imeacht a chraoladh ar Theilifís Fhéile Pádraig (SPF TV), cainéal teilifíse a chraoltar go domhanda ó Márta 12-17 ar stpatricksfestival.ie. Craolfaidh Teilifís an Oireachtais an chuid is mó d’imeachtaí Fhéile Pádraig do bhreis agus 1.1. milliún teach ar fud na hÉireann ó 12 go dtí 17 Márta. Is féidir teacht ar Theilifís an Oireachtais ar gach ardán soláthróra teilifíse in Éirinn.

Tá Féile Pádraig ag coimisiúnú agus ag tabhairt tacaíochta do shraith imeachtaí a bheidh ag ceiliúradh ár dteanga Ghaelach. Tá Seanfhocail, á chur i láthair ag stiúideo agus spás cruthaitheach Hen’s Teeth, ar cheann de bhuaicphointí an chláir, sraith de shé phrionta fíoráille a coimisiúnaíodh go speisialta le seanfhocail a léiríonn saibhreas ár dteanga Ghaelach, ar nós An donas amach is an sonas isteach’ agus ‘Maireann croí éadrom a bhfad’. Is é cur chun cinn agus cur i láthair na teanga atá mar aidhm ag na saothair seo a bhaineann úsáid as seanfhocail le machnamh a dhéanamh ar an lá atá inniu ann, machnamh ar an mbliain seo a d’imigh tharainn agus amach anseo, le ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad pobail agus ar athléimneacht mhuintir na hÉireann tráth ár Lá Náisiúnta. Tá Hen’s Teeth ag obair i gcomhar le seisear dearthóirí - Adult Art Club, Keelin Coyle, Niall Sweeney, M&E Studio, One Strong Arm and Annie Moriarty – chun an sraith theoranta priontaí seo a chruthú a bheidh ar fáil ar hensteethstore.com.

Ag labhairt faoi chlár imeachtaí Gaeilge na Féile, dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers, T.D: "Beidh clár iontach imeachtaí tumthacha Gaeilge ar siúl le linn na Féile Pádraig a dhéanfaidh ceiliúradh ar an teanga agus a ghlacann chugainn féin í. Deis iontach atá san fhéile chun machnamh a dhéanamh ar ár dteanga náisiúnta agus ar an ról atá aici inár sochaí, inár gcultúr agus inár n-ealaíona. Tá súil agam go nglacfaidh idir óg agus aosta agus daoine ó gach cúlra páirt san fhéile. Cé go bhfuil níos mó imeachtaí fíorúla agus ar líne ar siúl d'fhéile na bliana seo mar gheall ar an bpaindéim, tá áthas orm go mbeidh Éireannaigh thar lear agus daoine timpeall an domhain in ann páirt a ghlacadh agus ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar thradisiúin Éireannacha do Lá Fhéile Pádraig."

Dóibh siúd ar mhaith leo eispéaras láimhe a fháil, aimsigh aoibhneas na cruthaitheachta le Ceardlanna Trádisiúnta le Cleas, Inis Oírr - Aran Knitting and Willow Weaving. Tá na hOileáin Árann lán le traidisiúin shaibhre agus stair na hÉireann. Foghlaim conas greamanna Árann a chniotáil den chéad uair, agus b’fhéidir go gcniotálfaidh tú do gheansaí féin. Máistrigh scil na fíodóireachta sailí trí bhláthchiseán a dhéanamh le slata sailí, traidisiún dúchais Inis Oírr. Ná déanaigí dearmad leathanaigh na n-imeachtaí stpatricksfestival.ie a sheiceáil roimh ré le cinntiú go bhfuil ábhair na gceardlanna agat.

Éist le húdar Máire Zepf agus í ag léamh Leabhar na Bliana ‘An Féileacán agus an Rí’– athinsint ar sheanscéal ó mhiotaseolaíocht na hÉireann, do Ghaeilgeoirí óga. Tá scéal draíochtúil Mhír agus Éadaoin á insint in Éirinn le breis agus míle bliain, ach san athinsint chomhaimseartha seo, don chéad uair riamh, tá srianta an scéil tugtha d’Éadaoin í féin. Mar chuid den fhíseán seo, beidh Máire ag roinnt síolsmaointe lenar féidir le scríbhneoirí óga sa bhaile a gcuid scéalta féin a scríobh. Beidh ceardlann An Féileacán agus An Rí - Illustration Workshop le maisitheoir an leabhair Shona Shirley Macdonald. Ag tógáilinspioráid ó ainmhithe miotasacha agus lámhscribhinní maisithe, beimid ag samhlú ár n-ainmhithe fantaiseacha féin, chun míolseanchas iontach a chruthú.

Dóibh siúd ar spéis leo teangacha agus bunús focal, bígí cinnte tiúnáil isteach chuig Sea Tamagotchi le Manchán Magan. I mí Feabhra 2020, mar chuid de Gaillimh 2020, chuaigh Manchán ar chamchuairt timpeall na mbealaí farraige i dTír Chonaill, Sligeach, Maigh Eo & Gaillimh ar thóir focail farraige, téarmaí mara & logainmneacha muirí atá i mbaol a gcaillte. Do Lá Fhéile Pádraig chruthaigh sé 19 mionscannáin, meascann na scannáin seo píosaí scannánaíochta de chósta na hÉireann le guthanna iascairí. Foghlaim faoi bhunús focal agus faigh léargas ar chleachtaí cósta, ar chórais loingseoireachta, ar fhéilirí séasúracha, ar ghnéithe síceolaíocha de shaol bunaithe ar an bhfarraige, ar bhealaí imirceacha agus ar theicnící iascaireachta.

Tá Seanfhocail, An Féileacán agus An Rí - A Reading, An Féileacán agus An Rí - Illustration Workshop, Cleas Aran Knitting Workshop and Cleas Willow Weaving Workshop á dtacú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá Sea Tamagotchi le Manchán Magan á thacú ag Foras na Gaeilge.

Cé go bhfuil Féile Pádraig ag súil leis na laethanta a mbeidh Éire ag druidim i dtreo athoscailte, nuair a bheidh an t-oileán álainn, bríomhar seo in ann fáilte a chur roimh an domhain arís, i mbliana tugaimid cuireadh d’ár muintir ceiliúradh a dhéanamh go slán agus go freagrach sa bhaile, ag tacú le obair sheasta ár laochra cúraim sláinte agus ár n-oibrithe tosaigh, a théann i mbun troda chuile lá chun ár muintir a chosaint agus a thabhairt slán ón bpaindéim.